Fáilte chuig Gaeltacht Bheo na nDéise

imgp01981Nach íontach an rud é go bhféadfadh 1000 cuairt a bheith tugtha ar líne go Ghaeltacht bheag cosúil le Ghaeltacht na nDéise ó Aibreán go Meán Fómhair 2009. Anois dá bhféadfadh an méad céanna daoine teacht chuig an áit í féin agus Gaeilge a labhairt, bheadh muid ar dhroim na muice!

Faraor, tá fadhb againn. Ag deireadh na bliana seo chaite (2009) thainig deireadh leis an 35 uair a chloig tacaíochta teanga a bhí ar fáil ó tús 2008. Táimid i mbaol mar Ghaeltacht de bharr an easpa tacaíochta agus aitheantas atá ar fáil ón rialtas.  Is míorúilt é go bhfuil aon Gaeltacht againn, toisc an easpa tacaíochta a bhí ann i rith na blianta fada anuas. Is de bharr croí agus anam láidir na ndaoine atá an teanga chomh beo briamhar is atá sé.   An bhfuil eolas agat faoi aon Gaeltacht eile nach bhfuil daoine fostaithe chun tacú leis an bpobail ó thaobh forbairt teanga agus pobail de? Má tá, inis dúinn!!

Tá an blag seo ann chun eolas a thabhairt faoi cad atá ar siúl i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge.

Is Gaeltacht beag muid, ach beo bríomhar agus láidir, agus bhíomar ag éirí níos láidre gach lá go dtí gur tharraing siad an ruga fúinn!

Toisc gur an t-aon Gaeltacht muid ar Oirdheisceart na tíre, táimid mar oileán beag Gaeilge i measc  Galltacht mór agus tá ár gcanúint féin Gaelainne againn.

Cuireann Cabríní, an Iar-Áisitheoir Teanga le haghaidh Gaeltacht na nDéise an suíomh seo i láthair. Iarraim oraibh mo pheacaí a mhaithiú maidir le na botún litriú agus gramadach ar fad atá anseo.

Tá grúpa ”Gaeltacht Bheo na nDéise” cruthaithe ar Facebook chomh maith. Bí ag caint linn agus déan nasc linn ann!

Áilleacht  na hÁite

Bíonn eolas ag gach ré mhadra faoi áilleacht na Gaeltachtaí eile, ach ní bhíonn an oireadh céanna eolas acu faoi Ghaeltacht na nDéise. Seo sampla de na radharcanna atá le feiscint sa cheantar.

imgp0195

Ar an treo chuig an dTrá Bhaile Uí Chuinn

Ar an treo chuig an dTrá - Baile Uí Chuinn

alps-na-ndeise3

Alps na nDéise (Seán Ormond)

radharc-o-bhaile-na-ngall1

imgp0319An Cé i mBaile na nGall, An Rinn

An Cé i mBaile na nGall, An Rinn
Geata na Gaeltachta?

Geata na Gaeltachta?

Is ó goirm goirm í agus goirm í mo stór

Is ó goirm goirm í agus goirm í mo stór

Bealach chun na bhFlaitheas nó an Aifreann, pé scéal é!

Bealach chun na bhFlaitheas nó an Aifreann, pé scéal é!

Tá cnuasach de phictiúirí eile anseo gur tidil leo ” Saol Cois Fharraige – Radharcanna na nDéise”. Ceapaim gur fearr Broadband a bheith agat chun an nasc seo a oscailt. 

 saol-cois-fharraige-radharcanna-na-ndeise