Faraor, in 2009 tháinig laghdú ar phost an Áisitheora Pobail go dtí 8 n-uair a chloig agus níl aon ghealltanas faighte go mbeidh maoiniú ar fáil do in 2010. Tiocfaidh deireadh le post an Áisitheora Teanga ar 31 Nollaig 2009 agus níl aon athshocrú eile ag teacht chun tosaigh maidir le tacú le forbairt teanga sa cheantair. In 2010 beidh an Ghaeltacht ar ais mar a bhí in 2005. Chur an toscaireacht in iúl don Aire an éagothromas atá ann maidir le maoiniú i nGaeltacht na nDéise le hais na ceantair Ghaeltachta eile i gCúige Mumhan. D’impigh Tadhg Ó Maoileoin ar an Aire a thacaíocht a chur ar fáil chun forbairt leanúnach an cheantair agus a marthanais mar Ghaeltacht a chinntiú.
Ag labhairt tar éis an cruinniú, duirt daoine eile a bhi i láthair go rabhadar thar a bheith sásta leis an deá bhealach inar thug an tAire Martin Cullen éisteacht dóibh. Duirt duine amháin “Tuigimid go huile is go hiomlán go bhfuil ganntanas airgead ann agus nílimid ag lorg mórán. Teastaíonn uainn go mbeadh sé aitheanta go bhfuil Gaeltacht na nDéise ar chómh-chéim lena Gaeltachtaí eile agus dá bhrí san gur chóir go mbeadh cothram na féinne ann maidir le maoiniú agus tacaíochtaí. Gan daoine ag obair ar an dtalamh ag tacú leis an bpobal, ní bheidh aon Gaeltacht ann i gCo Phort Láirge sa todhchaí.”
COISIR OÍCHE SHAMHNA

- Bhí cóisir Oíche Shamhna ar siúl i Halla Pobail na Rinne ar an Aoine 30/10/09 ag 7pm. Comórtas Bréag éadaí go híontach ar fad. Bhí sé deachair moltóireacht a dhéanamh ar!
- DANÚ
Muireann Nic Amhlaoibh agus Danú ag canadh \”An Seanduine\”
Bhí Danú ag seinnt in Óstán na Páirce i nDún Garbhán ar 13/11/09 agus bhí siad níos fearr ná gur chuala mé iad riamh cheanna. Muireann in ard-ghuth agus Dónal Clancy go híontach ar an Giotar. Airgead ar fad chuig CLG na Rinne, agus bhí leath de Ghaeltacht na nDéise i láthair, dá bharr. Danú abú!
CIORCAL COMHRÁ
Bí linn agus fáilte gach oíche Mháirt ó 7 – 8.30
-
24/11 Tigh Mhuirithe, Heilbhic
-
01/12 Marine Bar, An Rinn
-
08/12/09 An Seanachaí, An Rinn
SEAN NÓS BEO
Más suim leat amhráintí agus Gaeilge, más amhránaí nó éisteoir thú, bí linn agus fáilte gach mí ag 7.30. 10 Feabhra 2010, 10 Márta 2010 agus 21 Aibreán 2010
€3.00 Tae agus caifé san áireamh. Is do dhaoine fásta é seo. Gach eolas ó Áine Uí Cheallaigh ar 058 46464
GUTH NA GAELTACHTA Feachtas Gaeltachta le cur in éadan mholtaí An Bord Snip Nua.
Tá ciorraithe 58% molta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin. Sínigh an achainní ar www.guthnag.com Ní neart go chur le chéile!
Seisiúin i John Paul’s sa Sean Phobal
GRADAIM GHNÓ NA NDÉISE - BUAITEOIRÍ 2009
-
SPAR, An Rinn – Úinéir Páidi Breatnach
-
Kiely and Sons Funeral Home and Monunental Works, Dún Garbhán – Úinéir Daithí Ó Cadhla
Bhí seoladh oifigiúil Gradaim Ghnó na nDéise, gradaim nua a thugann aitheantas do ghnóthaí éagsúla in Iarthar Phort Láirge gur mian leo úsáid na Gaeilge a fhorbairt ina gcúraimí laethúla, ar siúl ar 4 Mean Fómhair in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh i nDún Garbhán. Bhron Alan Ryan, Leas-Úachtarán Chomhlachas Tráchtála Dhún Garbháin agus Iarthar Phort Láirge Gradaim ar dhá ghnó áitiúil. Ghlac Dáithí Ó Cadhla leis an nGradam thar ceann Kiely and Sons Funeral Home and Monumental Works i nDún Garbhán agus ghlac Páidí Breatnach leis an nGradam thar ceann Spar, An Rinn. Duirt Cabríní de Barra, Aisitheoir Teanga do Ghaeltacht na nDéise go raibh “ard mholadh ag dul don dá ghnó seo as ucht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil agus comharthaí Gaeilge a bheith ar taispeáint acu”. Duirt sí freisin go raibh moladh ag dul do ghach gnó eile a bhí ainmnithe. “Is trua nach féidir linn Gradam a bhronadh ar ghach gnó, ach beidh seans eile an bhliain seo chugainn!” Le haghaidh sonraí an Ghradaim nó ainmniúchán do 2010, déan teangmháil le Cabríní de Barra ar 058-46664 / 087-6532044 nó cabrini@o2.ie.
GOGADAÍ Iris Gaeilgeoirí Óga na nDéise Gogadaí eagrán 1 Meitheamh 2009 Cuireann Gaolainn 2010, fochoiste de Chomhlucht Forbartha na nDéise, an Iris seo ar fáil chun tacaíocht agus aitheantas a thabhairt do Ghaelgeoirí Óga ó Ghaeltacht na nDéise atá ag scríobh trí mheán na Gaelainne. San eagrán seo tá scéalta ó Rang 5 & 6 i Scoil Náisiúnta na Rinne.
Ba chóir go mbeadh cothram na féine ann maidir le maoiniú agus tacaíochtaí. Gan daoine ag obair ar an dtalamh ag tacú leis an bpobal, ní bheidh aon Gaeltacht ann i gCo Phort Láirge sa todhchaí.
Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúil dóibh siúd a sheas linn ar an agóid inniu. Buiochas freisin daoibh uile a bhuaileann isteach go Déise Abú go rialta as ucht bhur dtacaíocht leanúnach. Níl deireadh leis an scéal seo fós!
