Tá breis is 5500 cuairt tar éis a bheith tugtha ar Ghaeltacht na nDéise ar líne anseo ó Aibreán 2009 go Aibreán 2012. Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibh uile teacht chuig an áit í féin agus Gaelainn a labhairt linn. Féach ar an mbileog Turasóireacht thíos chun eolas a fháil faoin gceantar nó breathnaigh ar an leathanach “Cad Atá Ar Siúl” chun eolas a fháil faoi na himeachtaí is déanaí atá beartaithe.
Bheadh na mórtha fáilte romhaibh!
Bileog Turasoireachta
Comhlucht Forbartha na nDéise Teoranta
Is comhlacht beag pobalbhunaithe muid ata i mbun forbairt pobail agus teanga, forbairt shoisialta agus turasóireacht, agus eile i nGaeltacht na nDéise. Tá seachtar ón gceantar ar an mbord agus tugann siad a gcuid ama agus saineolas go deonach ar mhaitheas le forbairt an cheantar.
Plean 3 bliana 2011-2013 CFD
Seirbhísí agus Imeachtaí
Roinnt de na himeachaí atá ar bhun ag Comhlucht Forbartha na nDéise ná:
- Seirbhís Iarscoile na Rinne do phaistí bunscoile
- Ionad Só na nDéise do dhéagóirí
- Ceol agus Húlaí na nDéise – Ranganna agus Campaí Cheoil agus ins na healaíona traidisiúnta do pháistí
- Cócaireacht le Chéile – Ceardlanna Cócaireacht do thuismitheoirí agus páistí
- Club Mara na nDéise – cúrsaí seoltóireachta do pháistí agus déagóirí
- Gradam Gnó na nDéise – scéim tacaíochta teanga do ghnóthaí
- An Imearlann – forbairt páirc súgartha i mBaile na nGall
- Comhar Spóirt na nDéise – Forbairt Páirc Uile Aimsirthe sa Sean Phobal
- Pacáistí Deireadh Seachtaine do thurasóirí
- Agus i bhfad níos mó!
Tuilleadh eolas ar fáil ó www.deise.ie nó 00-353-85-8612667
Ceapadh Cabríní de Barra, Iar-Áisitheoir Teanga do Ghaeltacht na nDéise mar an chead Bhainisteoir Forbartha ar Chomhlucht Forbartha na nDeise i Bealtaine 2010. Bíonn an Bainisteoir Forbartha freagrach as Plean Forbartha a bheachú agus a chur i bhfeidhm le príomh cúramaí a bhaineann le Forbairt Teanga, Pobail, Fiontraíochta agus Cursaí Sóisialta. Tá Comhlucht Forbartha na nDéise thar a bheith buíoch do Údarás na Gaeltachta de bharr an post seo a mhaoiniú ar mhaitheas leis an gceantar.
Tá an suíomh seo ann chun eolas a thabhairt faoi cad atá ar siúl i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge.
Is Gaeltacht beag muid, ach beo bríomhar agus láidir, agus táimid ag éirí níos láidre gach lá!
De bharr gur an t-aon Gaeltacht muid ar Oirdheisceart na tíre, táimid mar oileán beag Gaeilge i measc Galltacht mór agus tá ár gcanúint féin Gaelainne againn.
Cuireann Cabríní de Barra Bainisteoir Forbartha do Chomhlucht Forbartha na nDéise Teoranta n suíomh seo i láthair. Iarraim oraibh mo pheacaí a mhaithiú maidir le na botún litriú agus gramadach ar fad atá anseo.
Tá grúpa “Gaeltacht Bheo na nDéise” cruthaithe ar Facebook chomh maith. Bí ag caint linn agus déan nasc linn ann!
Áilleacht na hÁite
Bíonn eolas ag gach ré mhadra faoi áilleacht na Gaeltachtaí eile, ach ní bhíonn an oireadh céanna eolas acu faoi Ghaeltacht na nDéise. Seo sampla de na radharcanna atá le feiscint sa cheantar.
Tá cnuasach de phictiúirí eile anseo gur tidil leo ” Saol Cois Fharraige – Radharcanna na nDéise”. Ceapaim gur fearr Broadband a bheith agat chun an nasc seo a oscailt.